Tuairisc ó Ottawa!
Mí Eanáir 2016.
Is anseo in Ottawa, príomhchathair Cheanada, atáim lonnaithe ó mhí Mheáin Fómhair seo caite. Ón gcéad lá gur thosnaíos ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Ottawa bhí fuinneamh le mothú sa timpeallacht. Os cionn seasca mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge i rith seimeastar an fhómhair gach bliain. Dhá rang a bhíonn ann, roinnte idir beirt mhúinteoir. Anois, agus seimeastar an gheimhridh buailte linn, rang amháin a bhíonn ann. Cé go mbíonn níos lú i gcónaí ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim i ndiaidh na Nollag, níl aon dabht faoi ach go bhfuil dearcadh thar a bheith dearfach ag an dream díograiseach seo. Níl sé éasca dona mic léinn tabhairt faoin dteanga nua seo ach idir mhodhanna múinte éagsúla agus ag coimeád an teanga beo bríomhar sa seomra ranga, éiríonn go geal leo agus is minic a bhíonn sceitimíní orthu ag cleachtadh labhairt na Gaeilge!
Ní hí an teanga an t-aon ghné de shaol na hÉireann atá á mhúineadh agam anseo i gCeanada. An seimeastar seo, múinim lucht na tríú bliana. Is mic léinn iad a dhein stáidéar ar chuid dena teangacha Ceilteacha cheana féin agus anois atá i mbun stáidéir a dhéanamh ar an stair a bhaineann leo agus ar an stádás a bhíonn acu ina dtíortha féin.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil pobal Gaelach fíor-láidir anseo sa phríomhchathair. Múinim dhá rang ostoíche mar chuid dena ceachtanna a bhíonn ar fáil trí Caint ‘is Comhrá. Mhúineas ag an Lá Gaeilge a bhí ar siúl acu i mí na Samhna agus ag an tum-deireadh seachtaine a bhí faoi bhun acu sa bhfómhar. Bhí cultúr na Gaeilge fite fuaite leis an teanga ag na hocáidí seo. Is iontach an rud é nuair a fheicim na hócáidí seo agus na céilithe a ritheann Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Ottawa, ag dul ó neart go neart idir Éireannaigh agus Ceanadaigh! D’oibrigh mé leis an dream céanna chun cabhrú leis an iarracht domhanda mar chuid de Chomhrá ’15.
‘An rud is annamh is iontach’ agus sin díreach cad atá i gceist leis an nGaeltacht anseo in Ontario, idir Ottawa ‘is Kingston. Níl ach tréimhse gearr caite agam ann go fóill don Lá Oibre agus mar sin táim ag tnúth le teacht an earraigh nuair a bheidh tuilleadh laethanta le caitheamh ann.
Tá an-bhaint go deo agam leis an Ionad Ealaíon agus Cultúir, Ionad Naomh Bhríde. Sin an t-ionad náisiúnta dona na hÉireannaigh anseo thar sáile. Idir Cheanadaigh agus Éireannaigh a fhreastlaíonn ar na himeachtaí, idir dhaoine a rugadh in Éirinn agus i gCeanada ach an cheangail a bhíonn eatarthu ná gurb í Éire an áit arbh as formhór a sinsearach. Chuaigh sé i bhfeidhm orm bualadh leis an gcéad mhúinteoir a bhí ag múineadh Gaeilge anseo in Ottawa; bean sna nócaidí a d’fhág Corcaigh ar bhád sna daichidí déanacha ‘is í ag tabhairt aire d’á páistí. Tá an-mheas go deo agam uirthi, mar atá ag muintir Ottawa, ag éisteacht leis na scéalta a bhíonn aici agus an slí ina chur sí múineadh na Gaeilge chun tosaigh i gcónaí anseo i gCeanada.
I láthair na huaire, táim gnóthach ag eagrú imeachtaí le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Cé go mbeidh cúpla ócáid faoi leith ar siúl san ollscoil beidh roinnt mhaith ar siúl sa mhórphobal chomh maith! Tá baill Caint ‘is Comhrá ag eagrú iad féin chun teacht chuig ceann dena ranganna san ollscoil go luath le haghaidh ócáide a bheidh ar siúl againn ‘is tá gach éinne ag tnúth leis! Tá baint agam ón bhfómhar le Ottawa Gaels agus Éire Óg, agus beidh siad ag tabhairt cuairte ar mo rang ollscoile go luath freisin chun baill fóirne a mhealladh sula dtosnaíonn an traenáil arís don athbhliain!
‘Is mé ag siúl thar Chnoc Parlaiminte gach lá, tugaim áilleacht na cathrach faoi ndeara agus bím cinnte de go mothóidh mé Ottawa go mór uaim nuair a chríochnóidh mo thréimhse anseo. Éispéireas den chéad scoth atá ann ach mar a deirtear ‘ní bhíonn in aon rud ach seal’.
Cáit Ní Shiúrtáin
ICUF Scholar at University of Ottawa
No comments:
Post a Comment