CCE logo

CCE logo

Welcome - Failte Romhat!

When the translation is provided submissions to the blog will be published in both English and Irish. Please send submissions to the webmaster address shown at the very top of the blog. Please visit us often. This blog is the companion of the Ottawa Comhaltas website: http://www.ottawacomhaltas.com/

Beidh poist a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge nuair is féidir. Tabhair cuairt orainn go minic. Is é seo an blag an compánach an láithreán gréasáin Comhaltas Ottawa: http://www.ottawacomhaltas.com/

Tuesday 26 February 2013

What is Caint agus Comhrá?

Under the auspices of Comhaltas Ceoltoiri Eireann, Ottawa Branch, Caint agus Comhrá (founded in 2010) is a flourishing group of speakers and learners of the Irish language. Caint agus Comhrá is self reliant and funds are raised through, book sales, raffles and workshops. These monies are used to bestow small subsidies and bursaries to help students attend Irish Days, La Gaeilge, two of which are held each year. Also a Irish Weekend held every September, at Galliee House in Arnprior.

We are very lucky to have great support from students and teachers from as far as New York to Montréal, Kingston and Brockville.

The group is lively and friendly and classes, held weekly for beginners to fluent speakers, are fun and exciting. Casual Caint is held weekly also in a local pub where the Craic is fierce altogether!

As far as teachers go, we have some of the best, Professors from the Universities and a language scholar, currently teaching at Ottawa University, directly from Ireland.

By Toni Forsythe

Faoi stiúir Chomhaltas Ceolteoirí Éireann, Ottawa, is grúpa díográiseach láidir é “Caint is Comhrá” (bhliain 2010) de chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Is grúpa féinthuilleamaíoch é Caint is Comhrá agus bailítear cistí chun é a choinneáil ag imeacht trí dhíolachán leabhar, trí tharraingtí an phota óir agus trí cheardlanna. Is leis an airgead seo gur féidir leis an ngrúpa scolaireachtaí beaga a chur ar fáil do mhic léinn a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, a chabhraíonn leo freastal ar ár “Lá Gaeilge”, a reachtálfar faoi dhó le linn na bliana. Ina theannta sin, bíonn “Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge” againn i dteach na Gailíle, Arnprior, gach Meán Fomhair.

Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil líonra tacaíochta fairsing againn, ó dhaltaí agus ó mhúinteoirí araon, agus iad ag teacht chugainn chun tacú linn ó chian is ó chongar, ó Brockville, ó Mhontréal, agus ó Nua Eabhrac fiú.

Ní féidir a shéanadh ach gur grúpa bríomhar beosach cairdiúil muid, agus baintear taitneamh agus tairbhe as na ranganna seachtainiúla. Bailíonn muid le chéile sa theach tábhairne oíche amháin sa tseachtain chomh maith chun an Ghaeilge a chleachtadh, agus baintear sult as sin chomh maith, gan amhras.

Maidir leis na múinteoirí, tá na hOllaimh is fearr againn óna hollscoileanna áitiúla agus teagascóir Gaeilge atá tagtha ar chuairt againn díreach ó hÉirinn.



Bígí linn! Beatha teanga í a labhairt.


Le Toni Forsythe agus Eoin Ó Catháin

This is the companion piece of previously posted Caint agus Comhrá items: http://ottawacomhaltas.blogspot.ca/2012/11/caint-agus-comhra-talk-and-chat.html  and http://ottawacomhaltas.blogspot.ca/2013/01/caint-is-comhra-links.html

No comments:

Post a Comment

Until next time / Go dtí an chéad uair eile!